Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scéim Scoláireachta Gaeltachta 2024


Date: 23-01-2024

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh Scéim Scoláireachta Gaeltachta 2024. Is ceithre lánscoláireacht atá á dtairiscint i bliana de réir mar a leagtar amach sa tábla thíos. Tá an scéim ar oscailt do dhaltaí ón dara bliain go dtí bliain na hardteiste.

Bliainghrúpa

Coláiste

Dátaí

Daltaí atá sa dara nó tríú bliain

Coláiste Acla

Cúrsa Cásca

1 Aibreán - 6 Aibreán

Daltaí atá sa cheathrú bliain nó cúigiú bliain

Coláiste Mhuigheo

Samhradh - Cúrsa É

28 Iúil - 11 Lúnasa

 

Daltaí atá i mbliain na hardteiste 

Coláiste Uisce

Dianchúrsa Ardteiste

29 Márta - 6 Aibreán

 

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir le daltaí atá ina gcónaí i Maigh Eo, nó atá ag freastal ar scoil i Maigh Eo, cur isteach ar an scéim. Beidh ar na hiarratasóirí rathúla fianaise a chur ar fáil chun é sin a chruthú.
  • Is do na bliainghrúpaí a luaitear thuas amháin an scéim seo. Beidh ar na hiarratasóirí rathúla cruthúnas den bhliainscoile ina bhfuil siad a chur ar fáil.
  • Tá an scoláireacht seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal teanga, idir dhaltaí a bhfuil fíorbheagán Gaeilge acu agus iadsan atá líofa sa teanga.
  • Roghnófar na hiarratasóirí rathúla as measc na n-iarratas bailí trí mheán crannchuir. Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo teagmháil leis na hiarratasóirí rathúla i lár mhí Feabhra. Cuirfear fógra ar líne le deimhniú go ndearnadh an crannchur.
  • Ní féidir an scoláireacht seo a thabhairt ná a aistriú do dhuine eile.
  • Ní feidir ach iarratas amháin a dhéanamh in aghaidh an dalta. Dícháileofar aon dalta a ndéanfar níos mó ná iarratas amháin ina leith.
  • Más maith leat iarratas a dhéanamh ar son níos mó ná dalta amháin (le haghaidh deartháireacha nó deirfiúracha mar shampla), cuir iarratas ar leith isteach le do thoil.
  • Ní ghlacfar le hiarratais le haghaidh daltaí a fuair scoláireacht faoin scéim cheana.
  • Ní ghlacfar le hiarratais ó fhostaithe de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.
  • Iarrfar ar iarratasóirí rathúla freastal ar ócáid bhronnta, a mbeidh grainghrafadóireacht mar chuid di.

Cén chaoi ar féidir liom iarratas a dhéanamh?

Is féidir le tuismitheoir nó caomhnóir an dalta an fhoirm iarratais ar líne a chur isteach ag an nasc thíos. Bí cinnte na treoracha agus coinníollacha atá ag tús na foirme a léamh go gcúramach sula dtosaíonn tú ar an iarratas. Tá ceist amháin ar an bhfoim atá le freagairt ag an dalta fhéin.

Foirm Iarratais - Sceim Scoláireachta Gaeltachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2024
(cliceáil sa bhosca ag barr na foirme ar dheis chun teacht ar an leagan Gaeilge)

Is é 23:59 Dé Domhnaigh an 18 Feabhra an spriocam le haghaidh iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Is féidir ríomhphost a chur chuig gaeilge@mayococo.ie má ta ceist agat. Go n-éirí leat




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha